Home > Seirbhísí > Tithíocht > irl - Information on Housing Service

irl - Information on Housing Service

Déanann Fiosruithe Ginearálta Tithíochta bainistiú ar na seirbhísí tithíochta a leanas

- Cóiriú/Obair Chothabhála Tithíochta
- Clárú Tiarnaí Talún
- Liosta Feitheamh Tithíochta
- Fiosruithe i leith Cíosa (gach aon ní ó shocrú go bailiúcháin go híoc cíosa)
- Scéim Ceannach Tionónta
- Oibriúcháin Feabhais in ionad Tithíocht Údaráis Áitiúil

Cóiriú/Obair Chothabhála Tithíochta

Soláthraíonn Bardas Buirge Chill Chainnigh breis agus 500 teaghais ar fud Bhardas Buirge Chill Chainnigh. Is minic meascán mearaí maidir le cé ar atá an fhreagracht i dtaca le hobair chothabhála agus cóiriú. Sa ról atá aige mar "Thiarna Talún" bíonn Bardas Buirge Chill Chainnigh freagrach as go leor cóirithe ach NÍ BHÍONN sé freagrach as Gach Uile chóiriú. Tá an Bardas Buirge freagrach as formhór na gcóirithe struchtúir agus as obair dheisiúcháin de bharr gnáthchaithimh agus gnáthchuimilte. Le haghaidh breis eolais maidir le cóiriú/obair chothabhála ar do theaghais, féadfaidh tú dul i dteagmháil leis an Roinn Innealtóireachta, Bardas Buirge Chill Chainnigh, Halla na Cathrach, (056) 7794510.
(Ar ais go barr)

 

Clárú Tiarnaí Talún

Caithfear tithe a ligtear ar chíos nó ar "chomaoin luachmhar eile", ar a n-áirítear leithlanna, árasáin, traghasáin, etc., ach nach n-áirítear orthu tithe soghluaiste nó carabháin, a chlárú le Bardas Buirge Chill Chainnigh faoi na Rialúcháin tithíochta (Clárúchán Tithe Cónaithe) 1996. Le haghaidh tuilleadh eolais agus foirm iarratais, déan teagmháil linn go díreach le do thoil.
Teil. 056-7794520.
(Ar ais go barr)

Liosta Feitheamh Tithíochta

Ar an meán faigheann Comhairle Contae Chill Chainnigh 400 iarratas ar chúnamh tithíochta gach bliain. Déantar measúnú ar gach iarratas ar leith agus ina dhiaidh sin is féidir breithniú ar an gcineál cúnaimh is fearr a sholáthar i ngach cás faoi leith. De ghnáth is i bhfoirm theach údaráis áitiúil, iasacht tithíochta etc. a chuirtear an cúnamh ar fáil. Déanfar athbhreithniú ar an liosta feithimh gach trí bhliain (Measúnú ar Riachtanas Thithíochta).
(Ar ais go barr)

Fiosruithe Cíosa

Mar thionónta Bhardas Buirge Chill Chainnigh meastar an cíos seachtainiúil gach bliain de réir ioncam iomlán an teaghlaigh. Caithfear ioncam gach duine sa teaghais a nochtadh agus ina dhiaidh sin déanfar measúnú ar an gcíos de réir Scéim an Chíosa Ghrádhaithe. Feidhmíonn an scéim de réir ioncaim, rud a chiallaíonn go n-ardaítear an cíos de réir ardú san ioncam agus go laghdaítear an cíos de réir ísliú san ioncam. Má tharlaíonn ag am ar bith go n-athraíonn ioncam an teaghlaigh ba chóir sin a chur in iúl don Roinn Thithíochta sa chaoi is go ndéanfar measúnú ar an gcíos in athuair. Glacann an Bardas Buirge le híocaíochtaí cíosa de réir aon cheann de na modhanna a leanas:

1. Íocaíocht don Bhailitheoir Fáltais,
2. Íocaíocht in Oifig Admhála Bardas Buirge (oscailte ó 9 r.n. go 1.00 i.n. agus ó 2.00 i.n. go 5 i.n.)

3. Dealaithe ón bpá seachtainiúil (má aontaíonn an fostaitheoir leis sin)
4. Scéim Bhuiséad Teaghlaigh an Phoist
5.Dochar Díreach/Buanordú trí Chuntas Bainc.
(Ar ais go barr)

Scéim Ceannach Tionónta

Más tionónta tú ar feadh bliain amháin i dteach údaráis áitiúil is féidir leat iarratas a chur chuig Bhardas Buirge Chill Chainnigh chun é a cheannach amach is amach nó chun é a cheannach i bpáirt le duine/daoine eile. Luach an mhargaidh sa chaoi ina bhfuil sé leis an mbail atá air lúide lascainí mar a chinnteoidh an údarás áitiúil é, a bheidh ar an teach. Ceadófar lascaine duit maidir le luach an tí in aghaidh gach bliain tionóntachta teach údaráis áitiúil (go dtí uasmhéid de 10 mbliana) móide €3,809 (£3,000) in ionad deontas ceannaitheoir céaduaire. Tá breis eolais ar fáil go díreach ón Roinn Thithíochta.

(Ar ais go barr)

 

Oibriúcháin Feabhais in ionad tithíocht údaráis áitiúil

Is scéim Oibriúcháin Feabhais in Ionad Thithíochta a chuireann ar chumas Bhardas Buirge Chill Chainnigh feabhas a chur ar, nó síneadh a chur le tithe atá faoi úinéireacht phríobháideach, ina bhfuil cónaí ag iarratasóir formheasta nó a bhfuil sé beartaithe iarratasóir formheasta a chur iontu, mar mhalairt ar thithíocht údaráis áitiúil a sholáthar don duine sin. Cuireann Bardas Buirge Chill Chainnigh san áireamh an phráinn atá le cásanna aonair i dtaca le riachtanas tithíochta nuair a roghnaítear tithe le haghaidh na scéime sin. Beidh sé ag féachaint d'éifeachtúlacht chostais an togra freisin. Íocfaidh an Bardas Buirge costas iomlán na n-oibriúchán a dhéantar ar an teach agus beidh tú ag súil le muirear réasúnta seachtainiúil nó míosúil a íoc i dtaca le costais an Bhardais Bhuirge ar feadh 15 bliana ar an méid. Má airíonn tú dtugann an scéim rogha duit a oirfeadh do do dhálaí féin téigh díreach i dteagmháil leis an Roinn Tithíochta.
(Ar ais go barr)

Kilkenny Borough Council, City Hall, High Street, Kilkenny.
Tel: +353 (0) 56 7794500 | Fax: +353 (0) 56 7794509 | Email: info@kilkennycity.ie
irl - Feedback | irl - My Kilkenny | irl - Privacy