Home > Seirbhísí > Tithíocht > irl - Information on Housing Loans
In English

irl - Information on Housing Loans

Iasachtaí Tithíochta

- Iasachtaí Blianachta
- Iasachtaí Ath-thógála
Feidhmíonn Comhairle Contae Chill Chainnigh na Scéimeanna a leanas laistigh de Bhardas Buirge Chill Chainnigh. Breathnaigh le do thoil ar an leathanach 'Seirbhísí' de Shuíomh Idirlín Chomhairle Contae Chill Chainnigh faoi 'Housing' le haghaidh tuilleadh eolais faoi na scéimeanna seo:
- Iasachtaí Chomhúinéireachta
- Tithíocht ar Phraghas Réasúnta
- Deontas Cóirithe Riachtanacha
- Deontas Duine faoi Mhíchumas
- Tithíocht Chomhfhiontair
- Tithíocht Dheonach
- Suímh Phríobháideacha

Iasachtaí Blianachta

Is gnách go gcuirtear Iasachtaí Blianachta ar fáil do cheannaitheoirí céaduaire ar dhiúltaigh Cumann Foirgníochta nó Banc dóibh agus nuair nach dtéann an ioncaim sa bhliain roimhe sin i dteaghlach ar aon ioncam thar €36,800. Nuair atá níos mó ná duine amháin ag saothrú airgid sa teach, tá modh ríomha ann trína n-oibrítear amach nach féidir le 2½ uaire ioncam an phríomhshaothraithe móide ioncam an tsaothraithe thánaistigh bheith níos mó ná €92,000 (Ioncam bunaithe ar P60 na bliana roimhe sin). Is é €165,000 nó 95% de luach an tí an iasacht is mó atá ar fáil. Caithfear an iasacht a chlárú mar thúsmhuirear ar an maoin. Is ar bhonn tréimhsí 15, 20 nó 25 bliana a íoctar ar ais an iasacht agus ar bhonn ráta úis malartach. Tá foirm iarratais agus breis sonraí ar fáil ón Rannóg Iasachtaí Thithíochta.
Teil. 056 7794520

Iasachtaí Ath-thógála

Baineann an Teorainn ar Ioncaim mar atá sin sonraithe faoi na hIasachtaí Bliantachta (thuas) le hIasachtaí Ath-thógála freisin.
Is é €38,000 an uasiasacht a chuirtear ar fáil mar le hiasacht urraithe chun tabhairt faoi oibriúcháin feabhsaithe riachtanacha ar theach. Nó €15,000 mar le hiasacht neamhurraithe. Le haghaidh iasachtaí urraithe caithfidh túsmhuirear ar an maoin a bheith ag an gComhairle. Le haghaidh iasachtaí neamhurraithe tarraingítear suas comhaontú foirmeálta agus caithfidh sin bheith sínithe ag an iasachtaí. Bíonn an ráta úis malartach agus is féidir na hiasachtaí a thógáil thar thréimhsí 15 bliana nó níos lú ag brath ar mhéid na hiasachta.

Kilkenny Borough Council, City Hall, High Street, Kilkenny.
Tel: +353 (0) 56 7794500 | Fax: +353 (0) 56 7794509 | Email: info@kilkennycity.ie
irl - Feedback | irl - My Kilkenny | irl - Privacy