Home

Notice of Election

Notice of Election

Local Authority: Kilkenny Borough Council

 

An election of members for the above-mentioned local authority is about to be held.

Nomination papers may be obtained from the address below during the usual office hours.

A person may nominate himself/herself as a candidate or may, with his/her consent, be nominated by a proposer who is registered as a local government elector in the area of the local authority for which he/she proposes to nominate the candidate.

A nomination paper from a candidate of a registered political party must have a certificate of political affiliation attached which must be produced to me with his/her completed nomination paper.

If no certificate is attached, the candidate must, before the latest time for receiving nominations, either-

  • secure 15 assents to the nomination by way of statutory declarations by local government electors registered in the relevant local electoral area (forms available from me or the registration authority), or
  • make a deposit of €100 in the case of an election of members of a county or city council or €50 in the case of any other election (deposit may also be made on the candidate's behalf).

Details of these requirements are set out in the Electoral (Amendment) Act 2009.

The latest time for receiving nominations is 12 noon on the 16th day of May, 2009.

Completed nomination papers may be delivered to me in person by the candidate or his/her proposer at any time when I am at my office, from 10am on the 9th day of May 2009 until 12 noon on the last day for receiving nominations.

I am required by law to attend to receive nominations between 10am and 12 noon and between 2pm and 5pm on Friday the 15th day of May 2009, and between 10am and 12 noon on the Saturday, the 16th day of May, 2009.

If the election is contested, a poll will be taken on the 5th day of June 2009, between the hours of 7.00am and 10.00pm.

Brian Tyrrell,
Returning Officer
Kilkenny Borough Council,
City Hall,
High Street,
Kilkenny.

24th Day of April 2009.

Fógra Toghcháin

Údarás Áitiúil: Comhairle Buirge Chill Chainnigh

Táthar ar tí toghchán a reáchtáil chun comhaltaí a thoghadh don údarás áitiúil atá luaite thuas.

Is féidir páipéir ainmniúcháin a fháil ón seoladh thíos le linn gnáthuaire oifige.

Féadfaidh duine é féin nó í féin a ainmniú mar iarrthóir i dtoghchán nó féadfaidh duine eile (is duine atá cláraithe mar thoghthóir i limistéar an údaráis áitiúil a bhfuil sé beartaithe ag an duine an t-iarrthóir a ainmniú dó), mar mholtóir, é nó í a ainmniú, lena thoiliú nó lena toiliú i scríbhinn.

Ní mór deimhniú cleamhnachta polaitíochta a bheith ag gabháil le páipéar ainmniúcháin ó iarrthóir páirtí polaitíochta cláraithe agus caithfear é a thabhairt ar aird domsa lena fhoirm/lena foirm ainmniúcháin chomhlánaithe.

Mura mbeidh aon deimhniú tugtha ar aird ní mór don iarrthóir, roimh an am is déanaí chun ainmniúcháin a fháil, ceachtar den dá rud seo a dhéanamh -

  • cúig aontú dhéag leis an ainmniúchán a fháil trí dhearbhuithe reachtúla ó thoghthóirí rialtais áitiúil a bheidh cláraithe sa toghlimistéar áitiúil ábhartha (tá na foirmeacha ar fáil uaimse nó ón údarás cláraithe), nó
  • éarlais de €100 a íoc i gcás toghcháin comhaltaí comhairle chontae nó comhairle chathrach nó €50 i gcás aon toghcháin eile (is féidir éarlais a íoc thar ceann an iarrthóra freisin).

Tá mionsonraí maidir leis na ceanglais seo leagtha amach san Acht Toghcháin (Leasú) 2009.

Is é 12:00 meán lae ar an 16ú Bealtaine 2009 an t-am is déanaí le hainmniúcháin a ghlacadh.

Is féidir leis an iarrthóir nó lena mholtóir/a moltóir páipéir ainmniúcháin chomhlánaithe a sheachadadh chugam i bpearsa tráth ar bith a bhím i m'oifig, ó 10:00 roimh nóin ar an 9ú Bealtaine 2009 go 12:00 meán lae ar an lá is déanaí le hainmniúcháin a ghlacadh.

Tá ceangal orm faoin dlí a bheith i láthair le glacadh le hainmniúcháin idir 10:00 roimh nóin agus 12:00 meán lae, agus idir 2:00 iar nóin agus 5:00 iar nóin ar an Aoine, an 15ú Bealtaine 2009 agus idir 10:00 roimh nóin agus 12:00 meán lae ar an Sathairn, an 16ú Bealtaine 2009.

Má bhíonn toghachán comhraic ann, reáchtálfar vótaíocht an Aoine, an 5ú Meitheamh, idir 7:00 roimh nóin agus 10:00 iar nóin.

Brían O Tiríal,
Ceann Comhairimh,
Comhairle Buirge Chill Chainnigh,
Halla na Cathrach,
Sráid Ard,
Cill Chainnigh.


Dáta: 24ú Aibreán 2009.

 

Kilkenny Borough Council, City Hall, High Street, Kilkenny.
Tel: +353 (0) 56 7794500 | Fax: +353 (0) 56 7794509 | Email: info@kilkennycity.ie
Privacy | Disclaimer